Saothair Nua Ealaíne

TirSaile_newsites_map.jpg

Ag tús na bliana 2017, choimisiúnaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo agus Áras Inis Gluaire – Erris Arts Centre trí thionscadal cónaitheachta san ealaín phoiblí in Iorras, Contae Mhaigh Eo. Ba iad Gareth Kennedy, Noah Rose agus Selma Makela agus Joanna Hopkins na healaíontóirí a roghnaíodh i gcomhair na gcónaitheachtaí seo.

Beidh Gareth Kennedy ag obair i gCeathrú Thaidhg.  Beidh Noah Rose agus Selma Makela ag obair as láimh a chéile i mBéal an Mhuirthead, agus beidh Joanna Hopkins lonnaithe ar Oileán Chloigeann. Ina theannta sin, beidh an t-ealaíontóir Dorothy Cross ag obair ar thogra taighde i rith an tsamhraidh, agus táthar ag súil go ndéanfar mórshaothar úr a choimisiúnú amach anseo dá thoradh sin.

Is deis iontach é seo d'ealaíontóirí obair i gcomhar le pobail agus athchuairt a thabhairt ar roinnt de na suíomhanna dealbhóireachta ar shlí Thír Sáile, ag tabhairt leo léargas úr ealaíne agus cur chuige nua-aimseartha i dtaobh na healaíne poiblí.

Tháinig slí Thír Sáile ar an bhfód beagnach 25 bliain ó shin agus tá clár cuimsitheach cothabhála faoi lán seoil ann anois, lena n-áirítear oibreacha deisiúcháin, comharthaí úra agus suíomh idirlín úr a sheolfar in éineacht le torthaí an chláir chónaitheachta.

Joanna Hopkins

Gareth Kennedy

Noah Rose & 

 

Selma Makela’s