Stratified Sheep

Léiríonn an saothar seo, atá tógtha agus snoite de leaca gaineamhchloiche agus eibhir, struchtúr na talún máguaird chomh maith leis an gcultúr tuaithe a mhúnlaigh thar na mílte bliain í.

 

AN SAOTHAR EALAÍNE

Tá an dealbh le feiceáil ag feirm oscailte Bhéal an Átha Bhuí agus déanann sé ceiliúradh ar thraidisiún seanbhunaithe tógála caorach sa cheantar, a chothaítear ar thalamh sheascannach na dúiche.  B’as gaineamhchloch Leacain agus eibhear ón gceantar féin a tógadh an saothar. Tá gach caora déanta de shraitheanna éagsúla cloiche, macalla de na sraitheanna nádúrtha is bonn leis an tírdhreach máguaird.

 

EALAÍONTÓIR - Niall O’Neill

Dealbhóir seanbhunaithe is ea Niall O’Neill, atá ina chónaí agus ag saothrú i gCill Mhantáin. D’oibrigh sé ar mhórchoimisiúin poiblí éagsúla ar fud na tíre. Tá sé ina Léachtóir le Dealbhóireacht agus Mínealaín in Institiúid Ealaíon, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire, agus tá sé den tuairim ‘go gcaithfidh an téama ar a mbunaítear píosa ealaíne poiblí a bheith fréamhaithe sa timpeallacht ina seasann sé má tá sé le dul i bhfeidhm ar a lucht féachana. Ní mór don dealbhóireacht a bheith comhoiriúnaithe, .i. ní mór dó luí lena bhfuil mórthimpeall air.’

http://homepage.eircom.net/~glendarraghartists/NiallONeill/NiallONeill.htm

STÁDAS

Tá dea-bhail ar an saothar.

 

TREORACHA:

Agus tú ag gabháil don bhóthar as Gleann na Muaidhe go Béal an Mhuirthead cas i dtreo Bhaingear ag Droichead Bhéal an Átha Buí.  400 slat síos an bóthar sin, roimh an droichead, feicfidh tú an saothar ar an taobh thiar den bhóthar.

domhanleithead: 54.221237

domhanfhad: -9.753172