Court HenGe

Imfhálú oscailte ciorclach déanta de chloch, le suíocháin timpeall an láir agus fána créafóige mórthimpeall air, é spreagtha ag na séadchomhtharthaí meigiliteacha.

AN SAOTHAR EALAÍNE

Tá an dealbh suite ag Teachíní Saoire Bhaile an Chaisil, ar fhaiche a bhfuil tithe mórthimpeall air. Tá sé cóngarach don charn cúirte sa Bhaile Glas. Feidhmíonn an dealbh mar áit chruinnithe. Clós i lár mullóg fhéarmhar atá ann, le dhá chlós eile níos lú cliathánach leis, agus leaca ceartingearacha gaineamhchloiche Leacain ar an imeall acu uile.

EALAÍONTÓIR - TONY MURPHY

Is de bhunadh Mhaigh Eo é Tony Murphy. Rugadh i mBéal an Átha é, agus ainmníodh ina mhac léinn na bliana in NCCA é in 1988.  Tá máistreacht sa dealbhóireacht bainte amach aige ó shin ó NCAD, áit a n-oibríonn sé mar léachtóir anois.

STÁDAS

Tá dea-bhail ar an saothar

 

 

TREORACHA:

Tá sé suite ar an bhfaiche os comhair Theachíní Bhaile an Chaisil, díreach lasmuigh de bhaile Bhaile an Chaisil ar an mbóthar go Cill Ala.

domhanleithead: 54.277808

domhanfhad: -9.361285