Battling Forces

Seo áit a dtugann eilimintí láidre – an fharraige, stoirmeacha agus an talamh féin – dúshlán leanúnach do dhaoine, agus dá chéile.   Cuireann an dealbh seo, atá 30m ar fad, sracfhéachaint chailcthe ós ár gcomhair de choimhlint leanúnach idir dhá fhórsa fhíoréagsúla.

AN SAOTHAR EALAÍNE

Chuaigh neart agus áilleacht an tsuímh ag Ceann Dhún Phádraig i bhfeidhm go mór ar Rind. Bíonn an ghaoth agus an fharraige ag greadadh an chinn tíre anseo gan stad gan staonadh, á mhúnlú agus á athmhúnlú i gcoimhlint shíoraí. Is de ghaineamhchloch Leacain agus aolchloch neamhghearrtha a rinneadh an dealbh seo, agus an dá chineál cloiche seo ag seasamh do dhá fhórsa iomlán éagsúla: ceann acu atá glan, mínghearrtha agus de dhéantús an duine; ceann eile atá ina charn téagartha de chlocha neamhghearrtha nádúrtha, ag iarraidh dul timpeall an chinn eile ‘...fórsa feanntach i gcoinne fórsa batrála – ní heol d’éinne cé acu a bhfaighidh an lámh in uachtar, ná cá fhad a mharfaidh an choimhlint...’

EALAÍONTÓIR - Fritze Rind

Is as an Danmhairg ó dhúchas í Fritze Rind, a bhfuil cáil uirthi as a cuid saothair nuálaigh ina úsáideann sí ábhar úr agus tionsclaíoch chomh maith le hábhar ar nós cloiche, créafóige agus miotail. Is iomaí tionscadal ealaíne poiblí a ghlac sí páirt ann sa Danmhairg agus sna Stáit Aontaithe. Freagraíonn dealbh Fritze – Battling Forces – do na heilimintí géara a bhíonn ag tabhairt greadadh síoraí don chósta sceirdiúil.

STÁDAS

Tá dea-bhail ar an saothar.

 

TREORACHA:

Tóg an bóthar as Baile an Chaisil i dtreo Cheann Dhún Phádraig, ag dul thar Pháirc Tom Langan. Lean na comharthaí go Ceann Dhún Phádraig. Sula sroicheann tú an carrchlós feicfidh tú an saothar ar an taobh den bhóthar is gaire don fharraige.

domhanleithead: 54.321842

domhanfhad: -9.344341

Tá an saothar cláraithe mar shuíomh Geocache.  Seo a leanas an nasc chuige: >>