CÉARD Í TÍR SÁILE

Is í Tír Sáile – Slí Dhealbhóireachta Thuaisceart Mhaigh Eo – an tslí ealaíne poiblí is mó dár tugadh faoi riamh in Éirinn. Forbraíodh an tslí sa bhliain 1993, bliain chomórtha ‘Maigh Eo 5000’, agus ba chuid de bhliain cheiliúrtha chultúrtha í a bhí spreagtha ag lorg buan an duine ar thírdhreach Mhaigh Eo, idir chré is chloch, le breis is caoga céad bliain.

Chuimsigh an tslí bhunaidh 14 dhealbh shuíomhoiriúnaithe a feistíodh feadh chósta thuaidh Mhaigh Eo, maille le hionad taispeántais inar taispeánadh saothar na n-ealaíontóirí nó taispeántais shealadacha. Cuireadh roinnt de na bunsaothair as feidhm (tuilleadh eolais faoi ‘Stair’) agus tá 11 shaothar ar an tslí faoi láthair. (marcáilte le lógó Thír Sáile ar an léarscáil.)

Tosaíonn Slí Dhealbhóireachta Thír Sáile i gCill Ala agus leanann bealach an chósta go Baile an Chaisil, Béal Deirg, Béal an Mhuirthead agus chomh fada síos leis an bhFód Dubh.

LÉARSCÁIL Slí Ealaíne Thuaisceart Mhaigh Eo

Tír Sáile

Spirit of Place

Tír Sáile
Spirit of Place
 
 

SAOTHAIR EALAÍNE

Is d’aon ghnó atá tréithe na meithle le brath go láidir i Siompóisiam agus Slí Dhealbhóireachta Thír Sáile, mar b’í an mheitheal an bealach traidisiúnta inar tháinig scata daoine le chéile chun obair a chur i gcrích. Tagraíonn chuile ghné d’fhorbairt an tionscadail don phrionsabal seo, ón gcomhoibriú idir ealaíontóirí, rannpháirtíocht an phobail sa tionscadal, flaithiúlacht úinéirí poiblí agus príobháideacha araon a dheonaigh suíomhanna le haghaidh píosaí ealaíne agus an fáilte a cuireadh roimh ealaíontóirí. Bhí rannpháirtíocht an phobail áitiúil agus comhoibriú leis na healaíontóirí lárnach do rath an tionscadail sa chaoi is gur aontaigh sé muintir agus áit faoi bhrat a bhféiniúlachta – agus bhain chuile dhuine barr tuisceana ar a n-oidhreacht chultúrtha féin dá bharr.

Bunchloch an choimisiúnaithe ba ea úsáid ábhair agus timpeallachtaí nádúrtha i saothar na n-ealaíontóirí, ag obair as láimh a chéile leis an dúlra mórthimpeall orthu. Toradh amháin de seo ar ndóigh, toradh a bhíothas ag tnúth leis, ná creimeadh roinnt de na saothair ar ais sa dúlra ó shin.

‘De bhonn an chaidrimh a cothaíodh idir ealaíontóir agus dúlra trí bhíthin na samhlaíochta agus an ghnímh, éiríodh le bunsprioc Thír Sáile a bhaint amach: is é sin an t-am a chuaigh thart a cheiliúradh, sásamh a bhaint as an am i láthair, agus aghaidh a thabhairt go fonnmhar ar an am atá le teacht.’

Intercommunications Park

Killala Harbour

Court Henge

Ballycastle cottages

Wind Trees

Muingelly

Stratified Sheep

Ballinaboy

Tearmann na Gaoithe

Lacken Bay

Battling Forces

Downpatrick Head

Caochain

Carrowteige

Deirbhle’s Twist

Fallmore

Echo of Nawascape

Lacken Bay

Tonnta na mBlianta

Kilcummin Pier

Acknowledgements

Claggan Island


Naisc

An nuacht is déanaí

Oifig EalaÌon Chomhairle Contae Mhaigh Eo

http://www.mayococo.ie/en/Services/ArtsOffice/

Áras Inis Gluaire

http://arasinisgluaire.ie/main/

Ballina Arts Centre

http://www.ballinaartscentre.com/

Ballinglen Arts Foundation

http://www.ballinglenartsfoundation.org/

Ballycroy Visitors Centre

http://www.ballycroynationalpark.ie/

Ceide Fields

http://ceidefields.com/