InterCommunication Park

Ag siúl i measc na dtulach, ag suí ag ar charraig, nó ag éisteacht leis an ngaoth agus na tonnta... Is ón mbroinn ó dhúchas muid, agus ónar saolaíomar uile.

AN SAOTHAR EALAÍNE

Tá an dealbh so suite sa chaladh álainn iascaireachta i gCill Ala, ar ar an taobh thiar de Chuan Chill Ala. Chruthaigh Mariyo saothar comhshaoil i bhfoirm páirc bheag, leis an talamh féin gafa ar ais ón bhfarraige (agus ag filleadh ar an bhfarraige). Léirigh an saothar seo na féidearthachtaí atá ann do shaothar an duine agus saothar an dúlra obair as láimh a chéile, gan díobháil a dhéanamh dá chéile.

 

EALAÍONTÓIR - Mariyo Yagi

Duine de bhunadh na Seapáine í Mario, a bhfuil taispeántáin dá cuid feicthe ar fud an domhain. Téama a fheictear go minic ina cuid saothar is ea bíseanna, atá ina siombail den leanúnachas aici. Áirítear pláis, gairdíní, fuaráin, créfoirt agus saothar ealaíne pobail i measc na saothar ealaíne atá cruthaithe aici ó 1980 i leith.

www.mariyoyagi.net

 

STÁDAS

Toisc gur saothar comhshaoil é seo a gabhadh ar ais ón bhfarraige, tá tionchar nádúrtha na haimsire le brath air. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an saothar faoi láthair.

 

TREORACHA:

Tiomáin chuig Piara Chill Ala. Tá an suíomh díreach taobh thiar den Stáisiún Tarrthála Cósta agus Aillte nua.

domhanleithead: 54.217482

domhanfhad: -9.215714