Idir Dhá Sháile

idir dha shaile.jpeg

AN SAOTHAR EALAÍNE

Léiriú siombalach ar shaolré an mhíl mhóir; meiteamorfóis ó uisce, go cré, go huaigh; curtha in iúl le 11 ghearradh sa talamh a fágadh folamh nó a líonadh le cloch nó uisce.

EALAÍONTÓIR - KATHERINE WEST

Albanach a rugadh i nDún Éideann í Katherine.

 

 

TREORACHA:

Tóg an bóthar as Béal an Mhuirthead go dtí an Fód Dubh, agus lean ar aghaidh thar an Sáilín, Oilí agus Cuan Oilí.  Tóg an tríú bóthar ar chlé i ndiaidh Chuan Oilí síos go Trá an Mhullaigh Rua. Tá an suíomh suite 100 slat isteach sa pháirc ar an taobh thuaidh den bhóthar.