Acknowledgement

Screen Shot 2017-09-19 at 11.45.59.png

Dealbh chreafóige agus chloiche 50m ar fad í seo, a thabharfaidh foscadh agus a tarraingeoidh aird araon ar an dumha adhlactha gan chomhartha a sheasann ar an suíomh seo.

AN SAOTHAR EALAÍNE

Liotúirge don chuimhne pobail is ea Acknowledgement; leacht créafóige do na sluaite gan ainm atá imithe ar shlí na fírinne, daoine nach eol dúinn a n-ainmneacha ach a seasann leaca loma traidisiúnta i gcuimhne orthu i gcónaí. Déanta de chréafóg agus naghas, tá an dealbh roinnte ina dhá leath ag pasáiste cúng cuartha a mheallann an cuairteoir tríd an dealbh, agus isteach sa talamh, roimh radharc fairsing den fharraige mórthimpeall a thabhairt dóibh ar theacht amach ar an taobh thall de.

EALAÍONTÓIR - MARIAN O'DONNELL

Rugadh Marian i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo, agus d’fhreastail sí ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíon agus Deartha, Baile Átha Cliath. Ghlac sí páirt i dtaispeántais agus tá coimisiúin ealaíne poiblí curtha i gcrích aici in Éirinn agus thar lear, Ceanada, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin agus Nua Shéalainn san áireamh. Cuimíonn a saothar réimse leathan ó mhionphíosaí taispeantais go mórshaothair chomhshaoil. Bhí Marian ar cheann feadhna i ndáil le forbairt thionscadal Thír Sáile. ‘Acknowledgement’ is teideal do dhealbh Mharian agus tá sé lonnaithe ar Oileán Chloigeann.

STÁDAS

Tá dea-bhail ar an saothar.

 

TREORACHA:

Tóg an bóthar go Dumha Thuama/Gaoth Sáile amach as sráidbhaile Ghleann Chaisil, atá suite idir Baingear agus Béal an Mhuirthead. Tóg an chéad bhóthar ar dheis uaidh seo, agus lean ar aghaidh go dtí an trá. Tiomáin transna na trá go dtí an bóthar ar an oileán. Tá an saothar suite os comhair an chéad tí ar thaobh na láimhe clé.

domhanleithead: 54.180133

domhanfhad: -9.970805