STAIR

CÉARD Í TÍR SÁILE?

Original Map

Is í Tír Sáile – Slí Dhealbhóireachta Thuaisceart Mhaigh Eo – an tslí ealaíne poiblí is mó dár tugadh faoi riamh in Éirinn. Forbraíodh an tslí sa bhliain 1993, bliain chomórtha ‘Maigh Eo 5000’, agus ba chuid de bhliain cheiliúrtha chultúrtha í a bhí spreagtha ag lorg buan an duine ar thírdhreach Mhaigh Eo, idir chré is chloch, le breis is caoga céad bliain.

Chuimsigh an tslí bhunaidh 14 dhealbh shuíomhoiriúnaithe a feistíodh feadh chósta thuaidh Mhaigh Eo, maille le hionad taispeántais inar taispeánadh saothar na n-ealaíontóirí nó taispeántais shealadacha. Cuireadh roinnt de na bunsaothair a chur as feidhm (tuilleadh eolais faoi ‘Stair’) agus tá 10 saothar ar an tslí faoi láthair. (marcáilte le lógó Thír Sáile ar an léarscáil.)

Original booklet

Tosaíonn Slí Dhealbhóireachta Thír Sáile i gCill Ala agus leanann sé bealach an chósta go Baile an Chaisil, Béal Deirg, Béal an Mhuirthead chomh fada síos leis an bhFód Dubh.

Tháinig an smaoineamh le haghaidh Shlí Dhealbhóireachta Thír Sáile chun cinn i ndiaidh aimsiú an tsuímh Neoilitigh ba fhairsinge ar domhan in Achaidh Chéide ar chósta Thuaidh Mhaigh Eo.

Cuireadh na saothair ealaíne/dealbhóireachta in airde ar shuíomhanna le linn na bliana 1993, bliain chomórtha ‘Maigh Eo 5000’, a bhí ina cheiliúradh bliana spreagtha ag lorg buan an duine ar thírdhreach Mhaigh Eo, idir chré is chloch, le breis is caoga céad bliain.

Ba dhoiligh Tuaisceart Mhaigh Eo a shárú ar go leor bealaí mar áit chun tabhairt faoi thionscadal dá leithéid. Tugann an tírdhreach fisiciúil fite fuaite le hoidhreacht chultúir an cheantair raidhse ábhar machnaimh d'ealaíontóirí agus iad ag gabháil dá gceirdeanna. Níl aon amhras ach gur chuir na dealbha lena dtimpeallachtaí, seachas baint uathu. Cuireadh an obair seo i gcrích le linn shiompóisiam dealbhóireachta trí seachtaine a reáchtáladh i mí an Mheithimh, 1993.

 

Dealbhóireacht 5000

Comhar de ghrúpaí pobail, gníomhaireachtaí rialtais agus páirtithe leasmhara eile a bhí i bhfeighil fhorbairt Thír Sáile is ea Dealbhóireacht 5000. I measc na mball de bhí: Comhairle Contae Mhaigh Eo, Moy Valley Resources, Maigh Eo 5000, Meitheal Mhaigheo, Údarás na Gaeltachta, agus Cumann Dealbhóirí na hÉireann (Amharcealaíontóirí Éireann anois).


Beartaíodh cuid de na píosaí ealaíne ar an mbunslí dhealbhóireachta a chur as feidhm anois ar chúis amháin nó cúis eile. Bhí na Coillíní suite 3km ó thuaidh ó Bhéal an Átha ar an mbóthar go Cill Ala. Úsáideadh an tSeanscoil Náisiúnta ann mar spás le haghaidh taispeántais shealadacha. Bhí saothar dár teideal Hominis Machina le Rory Breslin le feiceáil sa spás sin i dtosach. I measc na suíomhanna eile a cuireadh as feidhm tá:

SLI NA NOG

RECONNECTIONS

IDIR DHÁ SHÁILE