Tonnta na mBlianta

simon thomas pic of pier C.jpg

Pátrún síoraí is bun leis an saothar seo, 10 x 18 m a thoisí, inleagtha ar bhalla coinneála coincréite ar an gcladach. Tosaíonn sé le naghas – an chloch is sine – sa lár, a thiontaíonn go basalt mar a shíneann an pátrún amach, agus go humha, iarann agus cruach dhosmálta i dtreo an imill, siombailí de ré an duine.

AN SAOTHAR EALAÍNE

Tá an saothar seo, ‘Tonnta na Blianta’ – a ndearnadh athchóiriú air in 2017 – cuimsithe i mballa mór coinneála ar an gcladach ag Piara Chill Chuimín. Bís Fermat is ainm don phátrún ann, pátrún a teilgeadh ar an mballa ag meánoíche ó bharr cuaille 8.5m in airde a cuibhríodh do ghrinneall na farraige ag lag trá. Marcáladh an mhóitíf ar an mballa le cailc, agus rinneadh é a dhruileáil agus na poill a líonadh ón lár amuigh le dalláin d’ábhair éagsúla: naghas Bhéal an Mhuirthead, basalt, umha, iarann agus cruach dhosmálta ina measc. D’fhéadfaí breathnú ar an móitíf mar léiriú ar chúrsaí ama, a thug ionspioráid ó fhoinse naghas Bhéal an Mhuirthead in aice láimhe agus cóngaracht an tsaothair d'Achaidh Chéide, an córas páirceanna is sine dá bhfuil aimsithe ar domhan, agus iad cruthaithe thart ar 3500 BCE.

EALAÍONTÓIR - Simon Thomas

Rugadh Simon in Portsmouth, Sasana. ‘Ó bhain sé céim amach ón Royal College of Art i 1988 tá raidhse coimisiún poiblí agus príobháideach curtha i gcrích aige, taispeántais dá chuid saothar reáchtáilte sa Ríocht Aontaithe agus thar lear, agus iarradh air a bheith ina aoi speisialta ag féilte agus siompóisiamaí idirnáisiúnta’. Tá clú agus cáil air de bharr na ndealbh mínmhaiseach a shníonn sé agus a shuíonn i láithreacha nádurtha, mar aon lena chuid taighde ar struchtúir nádúrtha.

www.simonthomas-sculpture.com

 

STÁDAS

Tá an saothar seo creimthe ag an bhfarraige, agus tá athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair ag féachaint lena athchóiriú.

 

TREORACHA

Tóg an bóthar as Cill Ala go Baile an Chaisil, cas ar dheis ag Droichead Bhaile Phámar, cas ar dheis arís ag an tríú crosbhóthar ar an mbóthar sin agus ar aghaidh thar an “Kerryman Inn” go Piara Chill Chuimín. Nuair a thagann tú chomh fada le Piara Chill Chuimín, tóg an bóthar síos go dtí an carrchlós atá in aice na dteachaíní díreach roimh an bpiara. Tá an dealbh ar thaobh na láimhe deise ansin.

domhanleithead: 54.273845

domhanfhad: -9.209397