Echo of Nawascape

AN SAOTHAR EALAÍNE

Tá ceann de mhórthéamaí Yagi le brath sa dealbh seo chomh maith, is é sin an ‘nawa’, nó rópa DNA. Is éard atá in Echo of Nawascape ná grúpa tulach ithreach, leagtha amach amhail rópa tite, agus an spás sa lár pábháilte le gaineamhchloch Leacain. Seasann an téama seo – bunithe ar héilics DNA – do leanúnachas an tsaoil ar thalamh, ar muir agus sa spéir. Agus é suite ar an tairseach idir tír agus muir, mealltar an tsúil i dtreo na farraige: foinse na beatha sa chaidreamh casta seo.

ARTIST - MARIYO YAGI

Duine de bhunadh na Seapáine í Mario, a bhfuil taispeántáin dá cuid feicthe ar fud an domhain. Téama a fheictear go minic ina cuid saothar is ea cruth an rópa, atá ina shiombail den leanúnachas aici. Múnlaíonn Mariyo Yagi spás trí mheán tionscadail comhshaoil agus taibhléirithe poiblí. I measc a cuid saothar tá gairdíní agus tírdhreacha fíoraoibhne, páirceanna móra agus créfoirt ollmhóra. Tá taithí chomh fairsing sin aici ar chúrsaí tógála gurb í an chéad dealbhóir sa tSeapáin le bheith ina hinnealtóir ceadúnaithe de réir an dlí.  Anuas ar chuideachta tógála a bhunú lenar chruthaigh sí go leor dá cuid saothar, is péintéir, taibheoir agus file í, chomh maith le bheith ina dearthóir soilse agus fuaime.

www.mariyoyagi.net

STÁDAS

Tá athchóiriu de dhíth ar an saothar agus tá athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair.

 

TREORACHA:

Tóg an bóthar as Cill Ala go Baile an Chaisil, agus cas ar dheis ag Droichead Bhaile Phámar. Cas ar dheis ag an tríú crosbhóthar ar an mbóthar sin, agus téigh ar aghaidh thar an ‘Kerryman Inn’ go Piara Chill Chuimín. Tóg an bóthar ar dheis i ndiaidh Phiara Chill Chuimín agus Thobar Chuimín, agus arís ar chlé le dul suas an cnoc agus ar aghaidh chuig Cuan Leacain. Tá Echo of Nawascape suite ag bun an bhóthair seo agus ar thaobh na láimhe deise.

domhanleithead: 54.280501

domhanfhad: -9.226558