Tearmon na Gaoithe

Dealbh dhúchasach is ea seo, toradh a thimpeallachta féin.  Tógadh clocha a bhí bainte agus caite anuas ag na tonnta agus cruthaíodh foscadán díbh, tearmann, áit ina gcloisfí buille na taoide agus cogar na gaoithe. Is í an áit seo a dhúchas.

AN SAOTHAR EALAÍNE:

Tá an dealbh seo, Tearmon na Gaoithe, suite ar cheann tíre a ghobann amach san Atlantach; neadaithe idir Cuan Chill Ala ar dheis agus Cuan Leacain ar chlé. Seo ceann de na suíomhanna is iontaí ar an tslí. Cillín is ea ‘Tearmon na Gaoithe’, déanta de leaca gaineamhchloiche ón gceantar féin agus tógtha laistigh d'fháinne cloch réidh ar bhruach an Atlantaigh fhiáin. Spreagann sé machnamh agus cothaíonn sé suaimhneas tearmainn, macalla de thraidisiún na mainistreach agus cillíní na ndíthreabhach a fhaightear ar chósta thiar na hÉireann.

EALAÍONTÓIR - ALAN COUNIHAN

Is de bhunadh Bhaile Átha Cliath é Alan Counihan. Roinneann sé a chuid ama idir Éire agus na Stáit Aontaithe anois. Ealaíontóir féinoilte é Alan, a bhfuil a shaothar fréamhaithe ‘sa dúil atá ag daoine brí a chur sa tírdhreach ar bhonn aonair agus pobail araon, chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar na tuairimí éagsúla a fhaightear le hoidhreacht agus is bun le féiniúlacht chultúrtha. Is iomaí bealach a úsáideann sé le dul i ngleic leis na téamaí seo: dealbhóireacht, scríbhneoireacht, grianghrafadóireacht, fuaim agus drámaíocht san áireamh’.

www.alancounihan.net

STÁDAS

Tá dea-bhail ar an saothar

 

TREORACHA:

Tóg an bóthar as Cill Ala go Baile an Chaisil, agus cas ar dheis ag Droichead Bhaile Phámar. Cas ar dheis ag an tríú crosbhóthar ar an mbóthar sin, agus téigh ar aghaidh thar Piara Chill Chuimín agus Tobar Chuimín. Cas ar dheis, agus agus arís ar chlé le dul suas an cnoc, agus lean ar aghaidh go dtí Cuan Leacain. Cas ar dheis ag bun an bhóthair le dul thar an dealbh 'The Echo of Nawascape', agus tá 'Tearmon na Gaoithe' suite ar an gcladach achar beag siúil ó thuaidh uaidh.

domhanleithead: 54.287004

domhanfhad: -9.218207