CaochÁn

DSC_0060 copy.jpg

Dealbh bunaithe ar an bhfinscéal áitiúil faoin bhfathach leathshúileach.

 

AN SAOTHAR EALAÍNE

Is de chréafóg agus clocha áitiúla atá an struchtúr seo, atá céad méadar ar fad, déanta. Nuair a bhreathnaítear air ón mbealach isteach go dtí an suíomh, laghdaítear cuma an aghaidh rífhada sa chaoi is go bhfeiceann tú é de réir a comhréire cirte. Tógann an dealbh a ainm ó Dhún Chaocháin in aice láimhe, atá suite i gceantar iargúlta ar chósta thuaidh Mhaigh Eo ar a dtugtar Ceathrú Thaidhg. Luíonn an ceantar seo, a bhfuil cáil air as áilleacht an tírdhreacha ann, i nGaeltacht Mhaigh Eo chomh maith, áit a bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil go laethúil.

 

ARTIST - Walter Michael

Rugadh i München na Gearmáine é, ach tá sé ag cónaí agus ag obair in Éirinn anois. Tá sé ag cur faoi i gContae Mhaigh Eo agus tá sé aitheanta as a chuid oibre le gloine dhaite.

http://homepage.eircom.net/~waltermichael/

 

STÁDAS

Braitheann an bhail atá air agus rochtain chuige ar na séasúir. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an saothar faoi láthair.

 

TREORACHA:

Cas i dtreo Cheathrú Thaidhg ón mbóthar as Gleann na Muaidhe go Béal an Mhuirthead. Cas ar chlé ag an T-acomhal i dtreo bhaile Cheathrú Thaidhg. 100 slat thairis an scoil, ar thaobh na láimhe clé, tá an saothar suite.  Tá an radharc is fearr de ar fáil ón mbóthar cósta ag Poll an tSómais.

domhanleithead: 54.311139

domhanfhad: -9.821348