Noah Rose & Selma Makela

Cóitheach - séideán gaoithe a thagann aniar aduaidh ort, go háirithe in aice le haillte.

 

Breathnaíonn tionscadal Selma Makela agus Noah Rose ar sheanchas na mara agus na haimsire i dtuaisceart Iorrais, ag díriú go háirithe ar shaibhreas Ghaeilge Iorrais i ndáil le cúrsaí farraige agus aimsire.

D’oibrigh na healaíontóirí le fuaim go príomha, agus chuaigh i mbun taighde le lucht léinn na Gaeilge, iascairí, staraithe agus meitéareolaithe. Cuireadh an taighde seo san áireamh le taifeadaí a rinne siad féin fud fad an Mhuirthead, ar oileáin amuigh ón gcósta agus faoi thoinn, chun taispeántáin shealadacha fuaime a chruthú le focail Ghaeilge Iorrais a léiriú taobh lena n-aistriúcháin Bhéarla agus iad a mheascadh le fuaimeanna ón dúlra. Feistíodh na taispeántáin seo in áiteanna éagsúla thart ar Bhéal an Mhuirthead. 

Dá mhéid is a bhraithimid ar theicneolaíocht i gcúrsaí loingseoireachta, iascaireachta agus meitéareolaíochta, is tanaí ár gceangal leis an timpeallacht nádúrtha, agus sin atá faoi chaibidil ag na healaíontóirí anseo. Tionchar eile na n-athruithe seo ná meath an stóir fhocail a dhéanann cur síos ar an gcaidreamh idir daoine agus an timpeallacht, agus go leor focal á ligean i ndearmad.

Chuaigh na healaíontóirí i gcomhar le Scoil Náisiúnta Bhéal an Mhuirthead chun searmanas beag a eagrú ar Phiara Bhéal an Mhuirthead inar ainmníodh na páistí ina ‘gCaomhnóirí na bhFocal Aimsire’, agus é curtha de chúram orthu na focail sin a chaomhnú agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Sa lá atá inniu ann agus claochlú mór aimsire agus comshaoil faoi lán seoil, fiosraíonn na healaíontóirí céard atá á fhágáil le hoidhreacht againn do na glúnta ag teacht inár ndiaidh.


Cuimsíonn saothar Noah Rose disciplíní éagsúla, á gcur i láthair i spásanna poiblí go minic, agus fiosraíonn siad a thábhachtaí is atá áit do chuimhne agus tuiscint ar fhéiniúlacht, agus a bhunúsaí is atá sí do chomhthéacs cultúrtha. Cíorann a chleachtadh na mionsonaraí caolchúiseacha, atá dobhraite go minic, a théann i bhfeidhm go mór ar phobail chultúrtha, teanga, shochpholaitiúla agus eile. Tá modhanna oibre ildisciplíneacha forbartha aige bunaithe ar an dealbhóireacht, dearadh agus ceirdeanna, agus ina úsáideann sé raidhse ábhar éagsúil.

I measc na mórchoimisiún ealaíne poiblí luaite lena ainm tá: ‘Third Bridge’ Doire (2005), ‘Observatory’ Burnley (2010), agus ‘The Museum of Interconnected Events’ a bhí mar chuid de chlár ealaíne poiblí ‘Changing Tracks’ a reáchtáladh i gContae Mhaigh Eo, an Chatalóin agus Northamptonshire araon in 2014.

Áirítear ar na taispeántais aonair dá chuid: Leitrim Sculpture Centre (2016) agus Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead (2017).

Cuid de na taispeántais a bhí aige le déanaí is ea: ‘Taispeántas Oscailte Chlár Chlainne Mhuiris’ 2017, ’Contrafogos’ a rinne camhuairt ar an mBraisíl, Uragua agus an Airgintín (2017), agus ‘Strict’ Girona (2015). Ina theannta sin, ghlac sé páirt i gcomhthionscadal suíomhoiriúnaithe sa Danmhairg le haghaidh sermanas seolta Aarhus mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, 2017.

www.noahrose.net


Déanann Selma Makela tagairtí don mheitéareolaíocht agus geolaíocht ina cuid saothair, á n-úsaid chun castacht an chuimhne, na himirce agus an díláithrithe a fhiosrú. Breathnaíonn sí ar shealadacht agus giorracht an tsaoil daonna i gcomparáid le fairsingeacht na n-amlínte geolaíocha.

Tá dámhachtainí bronnta uirthi ó The Model, Sligeach (2017), Leitrim Sculpture Centre (2017), An Chomhairle Ealaíon (2012), Comhairle Contae na Gaillimhe (2017), Fogo Island Arts, Talamh an Éisc (2011), agus an Fleck Fellowship ó Ionad Banff, Ceanada (2010). Áirítear ar na taispeántais aonair a rinne sí le déanaí: The Focus Room ag The Model, Sligeach (2017), Galway Arts Centre (2014), dánlann Oonagh Young, Baile Átha Cliath (2010), dánlann PEER, Londain (2008 & 2012).

I measc na gcoimisiún poiblí atá curtha i gcrích aici tá ‘Blown In’, in Áth Cinn, tionscadal píolóiteach le haghaidh Gaillimh2020 (2016). Cuid de na grúpthaispeántais a ghlac sí páirt ann is ea A.P.T. Londain (2017), Barbican, Londain (2016), RWA, Bristó (2016), Taispeántas Oscailte Chlár Chlainne Mhuiris (2007-13, 2016), Centre Culturel Irlandais, Páras (2015), Void, Doire (2015), RUA, Béal Feirste (2013).

www.selmamakela.com


Buíochas, Noah Rose agus Selma Makela

 

Ba mhaith le Selma agus Noah a mbuíochas a ghabháil le chuile dhuine i mBéal an Mhuirthead agus Iorras Thuaidh as an chinealtas agus iad ag plé leo:

Treasa Ní Ghearraigh, Uinsíonn Mac Graith,

Pádhraic S. Ó Murchú, Kathryn Murphy,

Micheál Ó Seighin, Caitlín Ó Seighin,

JT Gaughan, John Hanley, Kevin Donnelly,

Fergus Sweeney, Gerry Sweeney, Vincent Sweeney,

Sean Harrington, Red Connolly.

Na ghasúir, na tuistí agus na múinteoirí san Scoil Náisiúnta, Beal an Mhuirthead.

Brendan Murray, Ian McAndrew, Tony Conway agus an fhoireann ar fad san Áras Inis Gluaire.

 

Buíochas mór le:

Gaynor Seville, Sally O’Leary agus gach duine san Oifig Ealaíon

Robert McCabe, Frank Pelly, Commissioners of Irish Lights

Padraic Sheeran, RNLI Belmullet & Ballyglass

Joe Lynes, Met Éireann

Mayo Radio Experimenters’ Network

Caoimhín Ó Súilleabháin

Fiachra Mac Gabhann

Amelia Stein

Mick O’Dea