Gareth Kennedy

 

Cíorann Gareth Kennedy an t-idirghníomhú ríthábhachtach idir ábhar nithiúil, áit, iarsmaí agus oidhreacht i gCeathrú Thaidhg agus an ceantar mórthimpeall air. I dteannta na gcuairteanna a thug sé ar mhúsaeim agus cartlanna náisiúnta le taighde a dhéanamh ar ábhar seandálaíochta agus béaloidis Iorrais, chuaigh sé i gcomhairle le muintir na háite féin. Ba mhór an cuidiú a fuair sé freisin ó sheandálaithe, béaloideasóirí, deindreacroineolaithe, foireann Bhord na Móna agus anailísithe pailine; gach aon dearcadh acu ag léiriú bealach difriúil le dul i ngleic le agus le tuiscint a fháil ar rian na gcianta ar Cheathrú Thaidhg sa lá atá inniu ann.

Is ábhar spéise do Kennedy na bealaí ar féidir na bailiúcháin iarsmalainne agus an saineolas a ghabhann leo a chuimsiú le saibhreas an bhéaloidis agus an taithí saoil a mhaireann sa phobal féin agus i ngach aon duine dá mhuintir. I ndiaidh dó cultúr ábhartha trialach a chruthú bunaithe ar ábhar ón iarsmalann, ón mbailiúchán, ón gcartlann agus ó scileanna agus ábhar as Ceathrú Thaidhg féin, tá sé de rún aige an t-ábhar seo a chur sa talamh mar chuid de shearmanas, ag baint leasa as ceimicí an phortaigh a bhfuil sé de chumas iontach acu earraí a choimeád slán ó thionchar an ama.

Tochailt thrialach seandálaíochta, á dhéanamh droim ar ais agus os comhair an phobail, a bheidh i gceist leis an ‘deasghnáth ama’ seo. Beidh sé ag tarraingt as dhá thobar eolais ar leith i bpróiseas a gcruthaithe: saineolas na saineolaithe agus oidhreacht bheo an cheantair.

Ag brath ar céard é an bealach is fearr le ‘am a thomhais’, tá sé de rún aige an cultúr ábhartha a nochtadh agus a athshlánú tráth is ceart, tráth aontaithe ag gach duine. Ach céard is tráth ceart? Agus cén chaoi ar féidir teacht ar aon intinn faoi?

 

Íomhánna thuas:

Adhmad portaigh nochta ag Bord na Móna le linn baint thionsclaíoch móna. Baineann na crainn seo leis an ‘mborrfhás péine' – foraoisiú nádúrtha a tharla i dTuaisceart Mhaigh Eo nuair a thit an tóin as an bhfeirmeoireacht neoiliteach sa cheantar tuairim is 5000 bliain ó shin. Cuireadh agus caomhnaíodh na crainn féin sa phortach i ndiaidh claochlú aeráide eile a tharla go tobann ina dhiaidh.

Radharc amach ar Chuan an Inbhir ón trá ag an gCorrán Buí.


Cíorann saothar Gareth Kennedy tionchar an ábhair lámhdhéanta ar an tsochaí sa 21ú haois, agus tugann sé daoine le chéile ar spéis leo cultúir ábhartha thrialacha a chruthú agus léiriú. Ag dul i muinín na hantraipeolaíochta ina chur chuige, bíonn a shaothair fréamhaithe i scéalta sóisialta, cultúrtha agus eanamaíocha an cheantair. Gnáth-thorthaí a chuid saothair is ea struchtúir ailtireachta nó deartha, scannáin, nithe lámhdhéanta agus ábhar priontáilte, chomh maith le taibhléirithe beo a thugann brí agus anam do na hábhair nithiúla seo i gcomhthéacsanna sonracha poiblí.

Tá saothar de chuid Kennedy léirithe agus taispeánta in Éirinn agus thar lear araon. Cuimsíonn an réimse oibre atá curtha i gcrích aige go dtí seo ealaín phoiblí, foilseacháin, tionscadail oideachasúla, cónaitheachtaí agus comhair.

www.gkennedy.info


Buíochas, Gareth Kennedy

Míle chéad buíochas le mhuintir Ceathrú Thaidhg agus Chill Gallagáin as an t-aíocht, chinealtas agus léargas le linn an togra. Míle buíochas comh maith leis an fhoireann san Scoil Seandálaíochta agus an Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD, Ard-Mhúseum na hÉireann, agus Bord na Móna.