Wind Trees

Lorg ollmhór láimhe ar mhala an chnoic atá sa saothar áirithe seo.

AN SAOTHAR EALAÍNE

Ag barr gach méara, seasann balla cloiche singile a léiríonn sraitheanna na carraige thíos faoi. De réir mar a shéideann an ghaoth thar chnoc Mhoing Oilí, casfaidh sí port ar na painphíoba atá feistithe i ngach aon cheann de na ballaí, chomh maith leis na crainn éagsúla dhúchasacha a fhásann ann a mhúnlú. Tá an dealbh suite ar an mbóthar idir Baile an Chaisil agus Béal Deirg, ag breathnú amach ar Dhún Briste agus Ceann Dhún Phádraig.

EALAÍONTÓIR - Eilish O’Baoil

Rugadh Eilish sa Nigéir, agus bhain sí Máistreacht sna mínealaíona amach ó Ollscoil Uladh i 1991. Téann Eilis i muinín raon leathan meán ina cuid saothair, ó fhís agus fuaim go hábhar ar nós cloiche agus cré-umha. Tá an spéis ar leith atá aici i bhfuaim agus ceol léirithe sa saothar seo ‘Wind Trees’.

STÁDAS

Teastaíonn obair dheisiúcháin uaidh agus tá athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair.

 

TREORACHA:

Tá an saothar ealaíne suite ar an taobh theas den bhóthar idir Baile an Chaisil agus Béal Deirg, aon mhíle amháin ó Theach Dhún Fhíne ag cor S-chruthach sa bhóthar.  Tá an saothar le feiceáil ar mhala an chnoic ansin.

domhanleithead: 54.303366

domhanfhad: -9.424031