Deirbhle’s Twist

Dealbh bunaithe ar an seanchas áitiúil a bhaineann le Naomh Deirbhile.

AN SAOTHAR EALAÍNE

Rinneadh Deirbhle’s Twist, atá suite os cionn Phiara an Fhóid Duibh, de na bolláin eibhir a bhí suite ar an láithreán cheana féin ach iad ardaithe agus socraithe i mbís ardaitheach. Fuair Bulfin a chuid ionspioráide ó scéal Naomh Deirbhile. Macalla de na suíomhanna meigiliteacha is ea an bhís, ach tagraíonn sí don fhisic adamhach chomh maith. Scríobh Bulfin an méid a leanas faoi: ‘Is í an chloch an tírdhreach. Bhí sé anseo i gcónaí. Ar bhealach, ní dhearna mise ach atheagar a chur air.

EALAÍONTÓIR - Michael Bulfin

Rugadh Michael i gContae Uíbh Fhailí. Is eolaí agus ealaíontóir araon é Michael, le agus é in a shaineolaí ar chrainn agus foraoiseacht. Áiríodh saothar dá chuid i raidhse grúpthaispeántas; The Irish Exhibition of Living Art; Oireachtas Exhibition; Independent Artists; Aos Óg, Páras (1973); Cork ROSC (1980); A Sense of Ireland, Londain (1980); Skulptur Biennale, King’s Garden, Cóbanhávan (1990); agus Parable Island, Bluecoat Gallery, Learpholl (1991)  ina measc. Is eolaí oilte comhshaoil é, agus tá páirt glactha aige i roinnt mhaith tionscadal ealaíne comhshaoil agus ealaíne talún, lena n-áirítear Slí Dhealbhóireachta Chorcaí Thiar; Siompóisiam Dealbhóireachta Slate Quarries, Cill Chainnigh; Kraakamarken 'Art in Nature', Aarhus, an Danmhairg; Páirc Foraoise Chaisleán Uidhilín, Tuaisceart Éireann; Tír Sáile, Siompóisiam Dealbhóireachta Maigh Eo 5000 agus an tionscadal is déanaí dá raibh sé páirteach ann ‘Sculpture in Woodland’, An Gleann Mór, Co. Chill Mhantáin. Tá roinnt comórtas le haghaidh coimisiúin ealaíne poiblí buaite aige, agus áirítear in a measc Banc na hÉireann ar Shráid Bhagóid, Timpeallán Chaisleán an Bharraigh, agus Oifigí Chomhairle Contae Átha Cliath Theas i dTamhlacht. Bronnadh an Concrete Society of Ireland Sculpture Award, 1990, ar a shaothar duaisbhuaiteach 'A Walk Among Stone' i mBaile Munna, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Dealbhóirí na hÉireann (1984-1992) agus ar an Project Arts Centre (1972-76), agus ba bhall de choistí a bhain le hinstitiúidí éagsúla ealaíne poiblí é chomh maith. Bhí sé ina bhall bunaidh den Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath agus de Chumann Dealbhóirí na hÉireann.  Tá sé ina bhall d’Aosdána.

STÁDAS

Tá dea-bhail ar an saothar. 

 

TREORACHA:

Tóg an bóthar as Béal an Mhuirthead go dtí an Fód Dubh.  Lean ar aghaidh trí shráidbhaile na hEachléime go Piara an Fhóid Duibh. Díreach roimh an bpiara, cas ar dheis le dul suas an cnoc agus lean ar aghaidh ar feadh trí cheathrú míle go dtí an carrchlós.  Tá an saothar suite díreach taobh thiar den charrchlós.

domhanleithead: 54.095411

domhanfhad: -10.086299